25.11
Fágtar an briathar ar lár, áfach, i bhfreagraí diúltacha áirithe agus i
gcorrfhreagra eile:
- Cad a deir sé? Focal amháin as a bhéal.
- Nár dhaor aon duine thú? Aon duine, a Thiarna.
- An bhfeiceann tú rud ar bith? Rud ar bith.
- Cad chuige? Chuige ar bith/ Gach uile chuige.
- Cad ina thaobh? Níl aon taobh/ Gach aon taobh.
- Cathain a phósfaidh tú? Go deo.