26.2
Maidir le habairtí ina bhfuil an cónasc
agus
nó
ná
ag ceangal dhá chlásal dhiúltacha
de shaghas
- níl siad anseo agus (ná) níl siad sa chistin
más mian oiread treise (ar a laghad) a thabhairt do dhiúltacht an dara clásal is
a thugtar do dhiúltacht an chéad chlásail deirtear:
- níl sé anseo agus ní mó atá sé sa chistin
- ní dhéanfása é agus ní mó [ná sin] a dhéanfadh d'athair é
- ní raibh a fhios agam agus ní mó ná mar ba chuma liom
- ní raibh an bhanaltra ann agus ní raibh an dochtúir ann ach chomh beag (ach
oiread)
- ní bhfuair mé ciontach é agus ní lú ná mar a fuair Iorua [=...agus ní lú (a
fuair mise ciontach é) ná mar ...]
- níor chuir mé ina chomhairle é agus ní lú ná mar a chuir mé scéala chuige.