An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

4.28

Séimhítear idir uimhreacha ainmfhoclacha agus uimhreacha aidiachtacha go
hiondúil mar a shéimheofaí ainmfhocal coitianta de réir rialacha 4.3-14 agus
4.20:
- an bheirt amadán
- ainmneacha an chúigir
- don cheathrar (chúigear) fear
- mo mhíle punt
- do sheisear mac
- a thrí ghuí
- a sheachtú cluiche
- ár gcéad bheirt
- an chéad chéad
- an chéad mhíle punt
- na chéad cheithre ghloine
- bainne an chéad fhiche bó
- aon chúig acra
- aon chúigiú
- trí chéad
- cúig dheichniúr
- ceithre dhara rang
- sé dheich
- thar thriúr (thríocha) fear
- roimh thrí lá
- mar dhara máta
- ar thríú rang an mháistir eile
- dhá phunt ar fhichid
- ar fhiche slí
- trí cinn fhichead
- ba sheacht measa mar sin é.