26.8
Is minic a chuirtear ainm briathartha, nó frása ainm bhriathartha, nó frása de
shaghas éigin eile, in ionad an dara príomhchlásal ar lorg
- ach,
- agus:
- níor labhair sé focal ach imeacht
- an osclófá do bhéal agus labhairt?
- níor chuir sí a cóta ar an gcrochadán ach a fhágáil uirthi
- ní chorróinn amach ach á léamh
- níor ordaigh Dia sin ach a chrosadh
- ní rachaidh sí agus a saol a chaitheamh ann.
- tá siad chugainn agus deabhadh orthu
- bhí fuiseog agus nead aici i ngort.