An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

27.1

An Clásal Coibhneasta Ina Chlásal Aidiachtach

Nuair atá clásal coibhneasta ag cáiliú ainmfhocail nó fhorainm, tá sé ag déanamh
gnó aidiachta, agus is clásal aidiachtach é.

Is mó go mór is cosúil comhréir na Gaeilge, ó thaobh na gclásal aidiachtach de,
le comhréir seanabairtí Béarla de shaghas:
- that is the book I want
- I am not the man I was
- he died the day she was born
- he liked the people he lived with
- who does he think he is?

Abairtí iad sin a bhí bunaithe sa Bhéarla sula ndearnadh forainmneacha
coibhneasta de na forainmneacha ceisteacha
- who, which, etc.,
trí aithris ar na focail Laidine
- qui, quod, etc.

Tá dhá fheidhm ag an réamhtheachtaí
- book,
- man,
- day,
- people,
- who,
- feidhm amháin sa phríomhchlásal agus
- feidhm eile san fhochlásal.

Níl aon fhorainm coibhneasta intuigthe iontu.

De ghrá na simplíochta tráchtar anseo ar chlásail choibhneasta leithleacha dar
tús forainm ceisteach cé nach clásail aidiachtacha ghnácha iad.

Agus áirítear an forainm ceisteach ina réamhtheachtaí cé nach réamhtheachtaí
gnách é.