27.3
Is é an
réamhtheachtaí
an focal atá á cháiliú ag an gclásal aidiachtach.
Feidhmíonn sé sa chlásal aidiachtach agus san uaschlásal.
Is í a fheidhm san uaschlásal a chinneann a thuiseal.
Uaireanta ní bhíonn de cheangal idir an dá chlásal ach an réamhtheachtaí.
Tá cló trom ar an réamhtheachtaí sa dá shampla seo a leanas:
- cá bhfuil an
casúr
is troime?
- labhair leis an
duine
atá i gceannas.
Tá
casúr
ina ainmní sa phríomhchlásal
agus
ina ainmní arís san fhochlásal.
De bharr an chéad cheann den dá fheidhm sin tá casúr sa tuiseal ainmneach.
Tá
duine
faoi réir ag an réamhfhocal
leis
sa phríomhchlásal,
agus
ina ainmní sa dara clásal.
De bharr an chéad cheann
den dá fheidhm sin tá
duine
sa tuiseal tabharthach.