27.8
An Clásal Aidiachtach Díreach Dearfach
Is cónasc iomarcach an mhír choibhneasta
a
sna clásail aidiachtacha dhíreacha dhearfacha.
Cé gur gnách í a scríobh (ach féach 27.9), níl sí riachtanach de réir na
comhréire, agus is minic báite í idir dhá chonsan féin sa chaint.
Is iad seo na príomhchásanna ina n-úsáidtear an clásal díreach (tá cló trom ar
an réamhtheachtaí) an réamhtheachtaí ina ainmní sa chlásal aidiachtach:
- cá bhfuil an
leabhar
a bhí ar an tábla?
- sin é an
fear
a shábhálfaidh an tír
- scríobh síos inscne na
bhfocal
seo a leanas
- ní thuigim
iad
seo a deir gur fearr géilleadh
- críochnóidh mé an
obair
a bhí á déanamh agam
- cé
a bhí ag caint leat?
- an réamhtheachtaí ina chuspóir ag briathar an chlásail aidiachtaigh:
- tabhair do leath an
airgid
a fuair tú
- taispeánfaidh mé duit an
teach
a cheannóimid
- cad
a dhéanfaimid?
- an réamhtheachtaí ina chuspóir ag an ainm briathartha atá sa chlásal aidiachtach:
- críochnóidh mé an
obair
a bhí mé a dhéanamh
- cá bhfuil an
roth
a chonaic mé thú a dheisiú?
- thug sé an
fhianaise
a bhí rún aige a thabhairt
- ní fheicim aon rian den
teach
a bhí tú ag iarraidh a thógáil
- seo an chéad
áit
a thabharfaidh siad iarraidh a ionsaí
- cad é an
rud
a bhí Bruadar ar aigne a dhéanamh?
- an réamhtheachtaí ag feidhmiú mar dhobhriathar ama sa chlásal aidiachtach:
- sin é an
uair
a loitfear iad
- cén
uair
a shroichfimid Gaillimh?
- ní cuimhin liom an
lá
a tháinig siad
- maraíodh é an
bhliain
a thosaigh an cogadh.
Taobh amuigh den fhocal
uair
is féidir an clásal neamhdhíreach a úsáid ar lorg a leithéidí sin de
réamhtheachtaithe.