An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

4.30

Tabhair faoi deara nach gcuirtear rialacha 4.14-20 i bhfeidhm ar uimhreacha go
hiondúil:
- feirm trí bhó
- saibhreas seisear mac na baintrí
- ag ainmniú tríocha oileán an locha
- ag aithris trí thréith na Féinne
- in éadan seachtú haithne Dé.

Ach séimhítear beirt idir dhá ainmfhocal i bhfrásaí mar
- clann bheirt deartháireacha
- breithiúnas bheirt mholtóirí

cibé acu baininscneach nó firinscneach an chéad ainmfhocal.