27.15
D'fhéadfadh clásail na n-abairtí seo a leanas bheith díreach nó neamhdhíreach:
- tiocfaidh sé
lá
nach mbeifear ag súil leis
- rud
atá ann nach furasta a dhéanamh.
Tá clásal na chéad abairte acu díreach nó neamhdhíreach de réir mar a áirítear
nach mbeifear ina fhoirm dhiúltach ar a bheifear nó ar a mbeifear.
Tá clásal an dara habairt díreach nó neamhdhíreach de réir mar a áirítear an
focal a ina réamhfhocal nó ina aidiacht shealbhach.
Uaireanta úsáidtear ná go (ná gur) in ionad nach (nár) ar lorg uaschlásail
dhiúltaigh:
- ní raibh aon lá ná gur cheap sí go mbeadh sé chuici isteach.