An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

27.24
Réamhtheachtaí eile

Is féidir forainmneach a úsáid mar réamhtheachtaí:
- tabhair é dóibh siúd ar leo é
- cé hé seo a dúirt é?
- cad é siúd ab ainm dó?

Is minic áfach a chuirtear an t-alt + ainmfhocal mar
- duine,
- daoine,
- muintir,
- rud,
- rudaí
thar ceann an fhorainmnigh:
- tabhair é don mhuintir ar leo é
- cé hé an duine a dúirt é?
- sin an rud a chreid sé féin.