An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

27.29

An Clásal Idiraisnéiseach

Uaireanta cuirtear clásal aidiachtach breise isteach idir gnáthchlásal
aidiachtach agus a uaschlásal a mhaolaíonn feidhm an ghnáthchlásail ar bhealach
éigin gan cur isteach ar a mhúnla.

Tá an clásal breise, mar a déarfá, faoi lúibíní idir an dá chlásal eile. Clásal
idiraisnéiseach a thugtar ar an gclásal breise seo.

Briathar a léiríonn tuairim nó caint, nó cothrom a leithéid sin de bhriathar, is
gnách sa chlásal idiraisnéiseach.

Is iondúil gur clásal díreach an clásal idiraisnéiseach, ach féadfaidh an clásal
aidiachtach eile bheith díreach nó neamhdhíreach.

(Tá cló trom ar na réamhtheachtaithe agus ar na hiartheachtaithe sna samplaí.)
an dara clásal aidiachtach ina chlásal díreach:
- sin é an
rud
a mheas sé a chonaic sé

- cé
a shíleann tú atá ionam?

- cad
is dóigh leat a dhéanfaidh d'athair?

- ní mise an

is dóigh libh is mé

- thug sé
léim
nár cheap mé a thabharfadh sé choíche.

In ionad an chlásail idiraisnéisigh baintear feidhm, amanna, as clásal
neamhdhíreach, agus déantar clásal ainmfhoclach den dara clásal aidiachtach:

- bhí Gaeilge ag
fear
ar shíleamar gur Shasanach é

in ionad
- bhí Gaeilge ag
fear
a shíleamar ba Shasanach.
(27.10).

- an dara clásal ina chlásal neamhdhíreach:
- cé is dóigh leat a bhfuil an t-airgead aige?
- fuair mé an eochair in áit a mheas mé nach bhfaighinn í
- is bronntanas é ó fhear a shíl sibh nach raibh pingin aige
- is bronntanas é ó fhear ar shíl sibh nach raibh pingin aige
- cén seomra a cheapann sibh ina bhfuil siad?
- cá háit seo a dúirt tú a raibh an gluaisteán?