27.31
Ar aon dul leis an gclásal idiraisnéiseach maidir le comhréir atá clásail
aidiachtacha áirithe dar múnla copail + breischéim aidiachta
- sin an leabhar is fearr a thaitin liom
- is é Dún Dealgan an baile mór is lú a bhfuil eolas agam air.
Agus, ar ndóigh, féadann an dá shórt clásal, clásal idiraisnéiseach agus clásal
breischéime araon, teacht le chéile in aon abairt amháin:
- dúirt siad gurb í seilg í ba mhó ba chuimhin leo a deineadh riamh sna
hoileáin ar a ghiorracht aimsire.