28.1
Clásail ChoibhneastaNach Clásaíl Aidiachtacha
Is iomaí saghas clásal coibhneasta atá ann nach clásal aidiachtach.
Dála na gclásal aidiachtach is féidir iad a roinnt ina dhá n-aicme de réir mar
is díreach nó neamhdhíreach na míreanna coibhneasta atá iontu.
Is iad na clásail dhíreacha is coitianta go mór sa chaibidil seo.
Taobh amuigh den chlásal coibhneasta leithleach bíonn cónasc (focal nó frása) in
ionad an réamhtheachtaí de ghnáth.