28.9
An Clásal Coibhneasta Díreach Diúltach
Cuireann na figiúirí lúibínithe in iúl cad iad na hailt ina bhfuil clásail
dhearfacha ag freagairt do na clásail dhiúltacha:
- is mairg nach n-éistfeadh leis (28.2)
- is mé nach mbíonn tuirseach (28.2)
- chomh fada is nach bhfeicfear mé táim slán (28.3)
- tá oiread aige is nach mbeidh ídithe go deo (28.5)
- lean sé den obair mar nach gcloisfeadh sé mé (28.6)
- d'imigh mé nuair nár tháinig sé (28.7).