An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

31.5

Tá frásaí imthoisceacha eile ann freisin, agus clásal ar lorg cuid acu.

Frásaí dar tús agus, de, mar le, maidir le, mar, ar is mó atá ann:
- ní dhéanfainn é sin agus mo bhean marbh
- is cosúil go ndeachaigh tú i bportach agus an chaoi a bhfuil do bhróga
- is gamhain maith é de ghamhain míosa
- níl lá lochta ort d'fhear a chuaigh i gcontúirt
- tá an lá go breá mar le haimsir gheimhridh
- tá an lá go holc mar le haimsir gheimhridh féin
- maidir le fear gan ghoile níl sé ag déanamh go holc
- is olc an aimsir mar (ar) fhómhar í.