32.5
An coinníoll dearfach
Sna cásanna is simplí bíonn an modh táscach sa chéadbheart, agus an táscach nó
an t-ordaitheach nó an foshuiteach láithreach san iarbheart de réir bhrí na
habairte:
- má tá scian agat
taispeáin dom í
- más leat an gluaisteán
tá an t-ádh ort
- má tá do chos briste
go bhfóire Dia ort
- má bhíonn sé ar scoil gach lá
is maith an rud é
- má bhíonn sé ar scoil amárach
feicfidh mé é (15.7)
- má bhuaileann tú leis anocht
abair leis teacht chugam
- má thosaíonn an tríú cogadh
go sábhála Dia sinn
- má chuaigh sé ar an aonach
beidh sé déanach abhaile
- má d'fhanadh sí cois na tine
bhíodh cúis aici.