32.21
Saghas céadbhirt iata is ea an chuid den abairt dar tús murach nó ach.
Tá níos mó ná céadbheart ann, áfach, óir cuirtear neamh-chomhlíonadh an
choinníll in iúl dúinn go lom díreach.
Mar shampla, is ionann brí don dá abairt seo a leanas:
- Bheinn ann amárach
murach go mbeidh mé ar scoil.
- Bheinn ann amárach
mura mbeinn ar scoil
ach
- beidh mé ar scoil.
Féach mar atá brí murach, ach, ag na focail Bhéarla but for [ the fact that].
Corruair úsáidtear an saghas sin frása mar a bheadh gnáth-chéadbheart oscailte
ann:
- caillfear iad ach grásta Dé.