An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

35.10

Maidir le horduithe agus iarratais áirithe is minic nach mbactar le claoninsint
chruinn ach go dtugtar éirim na cainte ar bhealach éigin eile.

Mar shampla, is iomaí slí ina ndéantar athinsint ar an abairt déan féin é:
- dúirt A le B gur chóir dó féin é a dhéanamh
- dúirt A le B go gcaithfeadh sé féin é a dhéanamh
- d'ordaigh A do B é a dhéanamh é féin.