36.12
Tá mórthaifeach déanta anseo thíos
(a)
ar abairt gan chopail
(b)
ar abairt gan briathar faisnéiseach
(c)
ar abairt ina bhfuil idir chopail agus bhriathar faisnéiseach:
a)
Má bhí oíche shúgach againn an oíche sin, bhí eadra brónach lá arna mhárach
againn; mar, ar dhul go dtí na báid dúinn, bhí fir dár malairt ceangailte astu
nach ligfeadh dúinn baint leo - póilíní a fuair teideal gan na báid a ligean linn.
(i)
- an clásal:
1
Má bhí oíche shúgach againn an oíche sin
2
bhí eadra brónach lá arna mhárach againn
3
mar, ar dhul go dtí na báid dúinn, bhí fir dár malairt ceangailte astu --
póilíní
4
nach ligfeadh dúinn baint leo
5
a fuair teideal gan na báid a ligean linn
(ii)
an saghas agus an fheidhm:
1
- Clásal dobhriathartha ag cáiliú bhí i gclásal 2.
2
- Príomhchlásal
3
- Clásal dobhriathartha ag cáiliú bhí i gclásal 2.
4
- Clásal aidiachtach ag cáiliú fir i gclásal 3.
5
- Clásal aidiachtach ag cáiliú póilíní i gclásal 3.
Tá póilíní i gcomhaisnéis le fir.
Ní gá aicmiú a dhéanamh ar na clásail ach de réir a bpríomhfheidhme.
Is é sin, ní gá iad a aicmiú de réir foirme (ráiteasach, etc.), ná ní gá
fo-aicmiú a dhéanamh ar na clásail dhobhriathartha (coinníollach, etc.).
Fochlásail den chéad chéim a thugtar ar chlásail 1, 3 mar gur focal sa
phríomhchlásal atá siad a cháiliú.
Fochlásail den dara céim a thugtar a chlásail 4, 5 mar gur i bhfochlásal den
chéad chéim atá an focal atá siad a cháiliú.
(iii)
- an t-ábhar cainte:
1.
- oíche shúgach
2.
- eadra brónach
3.
- fir dár malairt -- póilíní
4.
- fir dár malairt (go réamhtheachtach)
5.
- póilíní (go réamhtheachtach)
(iv)
- an cónasc:
1.
- má
- 3.
- má
- 4.
- nach
- 5.
- an
- chéad
- a.
(v)
- an fhaisnéis:
- 1-5.
An chuid den chlásal nach bhfuil luaite in (iii), (iv).
b) Is dóigh liom gurb airde mise ná Tomás cé gur sine de dhá bhliain é ná mé.
(i)
- an clásal:
1
- Is dóigh liom
2
- gurb airde mise ná Tomás
3
- cé gur sine de dhá bhliain é ná mé
(ii)
- an saghas agus an fheidhm:
1
- Príomhchlásal.
2
- Clásal ainmfhoclach
- ina ábhar cainte ag clásal 1.
3
- Clásal dobhriathartha
- ag cáiliú gurb i gclásal 2.
(iii)
- an t-ábhar cainte:
1
- gurb airde mise ná Tomás
2
- mise
3
- é
(iv)
- an fhaisnéis:
1
- dóigh liom
2
- airde ná Tomás
3
- sine de dhá bhliain ná mé
(v)
- an chopail:
1
- Is
2
- gurb
3
- gur
(vi)
- an cónasc:
2
- gurb,
- idir an chéad chuid de chlásal 1 agus clásal 2.
3
- cé gur,
- idir clásal 2 agus clásal 3.
c)
Bhí fearúlacht croí agus inchinne ann agus ba mhó i bhfad an díol trua é dá
ngéilleadh sé do na marlaí atá mar lucht tiomána ag an dream a chuir faoi smacht
iad.
(i)
- an clásal:
1
Bhí fearúlacht croí agus inchinne ann
2
agus ba mhó i bhfad an díol trua é
3
dá ngéilleadh sé do na marlaí
4
atá mar lucht tiomána ag an dream
5
a chuir faoi smacht iad.
(ii)
- an saghas agus an fheidhm:
1
- Príomhchlásal,
- comhordaitheach
- le
- clásal 2.
2
- Príomhchlásal,
- comhordaitheach
- le
- clásal 1.
3
- Clásal
- dobhriathartha
- ag cáiliú ba i gclásal 2.
4
- Clásal aidiachtach
- ag cáiliú marlaí i gclásal 3.
5
- Clásal aidiachtach
- ag cáiliú dream i gclásal 4.
Fochlásail den chéad chéim, den dara céim agus den tríú céim is ea clásail 3, 4,
5 faoi seach.
(iii)
- an t-ábhar cainte:
1
fearúlacht croí agus inchinne
2
an díol trua é
3
- sé
4
marlaí (go réamhtheachtach)
5
dream (go réamhtheachtach)
(iv)
- an fhaisnéis:
1
- Bhí ann
2
- mhó i bhfad
3
dá ngéilleadh sé do na marlaí
4
atá mar lucht tiomána ag an dream
5
a chuir faoi smacht iad
(v)
- an chopail:
2
- ba
(vi)
- cónasc:
2
- agus,
- idir clásail 1 agus 2.
3
- dá,
- idir clásail 2 agus 3.
5
- a,
- idir clásail 4 agus 5.