ID: 2529
Briseadh/ Breakdown
aimsir - ainmfhocal agus an focal 'mhóna(mhónadh)' faoi réir aige - an noun governing the word 'mhóna'
mhóna - an tuiseal ginideach den fhocal 'mhóin' faoi réir ag 'aimsir' - the genitive of 'móin' governed by 'aimsir'
a(do) - réamhfhocal a cheanglaíonn an cuspóir den ainm bhriathartha - a preposition tying the object to the verbal noun
bhaint - ainm briathartha an bhriathair 'bain' - the verbal noun of the verb 'bain'
Struchtúr/ Structure
móin a bhaint - leis an frása seo a cheangal den fhocal 'aimsir' cuirtear 'móin' san tuiseal ghinideach -> aimsir mhóna a bhaint
Beidh sé le feiceáil go bhfuil trí ghléas cheangailte ann/ It will be observed that there are 3 tying tools used:
1. aimsir mhóna - gléas: an tuiseal ginideach - the genitive case
2. (mhóna) a bhaint - gléas: an réamhfhocal 'a(do)' - the preposition 'a(do)'
3. (mhóna a bhaint) - gléas: ord san abairt/ position in sentence - tá an frása ar fad faoi réir ag 'aimsir' - The whole phrase is governed by 'aimsir'
Pointe suime/ Point of Interest
Is féidir 'mhóna a bhaint' a áireamh ina fhrása aidiachtach agus é ag cáiliú 'aimsir' - 'mhóna a bhaint' could be considered to be an adjectival phrase qualifying 'aimsir'.
ID: 2530
Briseadh/ Breakdown
ceantar - ainmfhocal agus an focal 'arbhair' faoi réir aige - noun governing arbhar
arbhair - tuiseal ginideach den fhocal 'arbhar' - ceangailte den fhocal 'ceantar' - the genitive case of 'arbhar' - used to ty it to 'ceantar'
a(do) - réamhfhocal a cheanglaíonn cuspóir agus ainm briathhartha dá chéile - a preposition tying a verbal noun and its object
chur - ainm briathartha an fhocail 'cuir' - the verbal noun of the verb 'cuir'
Comparáid/ Comparison
Beidh an chosúlacht idir an abairtín seo 'ceantar arbhair a chur' agus an ceann 'aimsir mhóna a bhaint' sofheicthe go maith. Níl de dhifríocht idir an dá fhrása - b'fhéidir - ach tagairt do thréimse ama san chéad cheann agus tagairt do achar talaimh sa dara ceann. Tá an córas ceangailte mar a chéile san dá fhrása: ginideach, réamhfhocal, ord.
Pointe Suime/ Point of Interest
Beidh sé le feiceáil gur pacáiste ceangailte deas gonta seo sa teanga. B'fhiú amharc ar leagain Bhéarla a d'iompródh an chiall chéanna. It will be observed that this package for connecting is nice and neat and concise. It's worth looking at English versions carrying the same meaning:
a. the time during which turf is cut - a time of cutting of turf. The 'of' repetition is ugly.
b. an area in which corn is planted - an area of corn planting. Sounds awkward.