An Dolachán Feasa

Samplaí

Caibidil 18

ID: 2525

Comhréir an Ainm Bhriathartha
18.13
bíodh (tá, bíonn, beidh, bhí, bhíodh, bheadh) sé tar éis an bád a dhíol

Briseadh/ Breakdown
tar éis - réamhfhocal comhshuite - compound preposition
an bád - cuspóir an ainm bhriathartha - object of the verbal noun
a(do) - réamhfhocal a cheanglaíonn an cuspóir den ainm bhriathartha - preposition that ties the object to the verbal noun
dhíol - ainm briathartha faoi shéimhiú i ndiaidh a(do) - verbal noun aspirated after a(do)

Feidhm/ Function
Is féidir réamhfhocal agus frása ainm bhriathartha a chur le chéile le aimsirí a dhéanamh go timchainteach - Prepositions can be used in conjunction with verbal noun phrases to make tenses periphrastically.

Ord/ Order
réamhfhocal + cuspóir(más ann dó) + ainm briathartha - preposition + object(if it exists) + verbal noun

Samplaí/ Examples
Bhí sé tar éis an bád a dhíol - He was after selling the boat. - Seort aimsire foirfe chaite - Sort of pluperfect tense
Beidh sé tar éis an bád a dhíol - He will be after selling the boat. - Seort aimsire foirfe fháistineach - Sort of future perfect tense.

Samplaí eile

Bhí mé i ndiaidh toitín a chaitheamh - I was after smoking a fag.
Beidh sé i ndiaidh an t-airgead a chaitheamh ar bheoir - He will be after spending the money on beer.
Bheadh sí i ndiaidh an nimh a chur san tae - She would be after putting the poison in the tea

Caibidil 18

ID: 2527

Comhréir an Ainm Bhriathartha
18.13
bheith tar éis an bád a dhíol

Briseadh/ Breakdown

bheith - ainm briathartha an fhocail 'bí'
tar éis - réamhfhocal comhshuite - compound preposition
an bád - cuspóir an ainm bhriathartha 'dhíol' - the object of the verbal noun 'dhíol'
a(do) - réamhfhocal a cheanglaíonn an cuspóir agus an ainm briathartha dá chéile - preposition tying the object to the verbal noun
dhíol - ainm briathartha faoi shéimhiú - verbal noun aspirated

bheith tar éis an bád a dhíol - Is féidir an frása a úsáid mar a bheadh an rud uilig ina ainmfhocal
Samplaí/ Examples
Ba mhaith leis a bheith tar éis an bád a dhíol - Ábhar cainte/ Subject of the sentence - He would like to be after selling the boat.
Fuair mé amach í a bheith i ndiaidh mo dhinnéar a ithe orm - cuspóir an bhriathair 'fuair' - object of the verb 'fuair' I found out she was after eating my dinner on me.

Briseadh/ Breakdown
í - gníomhaí an ainm bhriathartha - the agent(doer of the action) of the verbal noun
a(do) - réamhfhocal a cheanglaíonn an gníomhaí den ainm bhriathartha - a preposition tying the agent to the verbal noun
bheith - ainm briathartha - faoi shéimhiú i gcónaí - verbal noun - always aspirated
i ndiaidh mo dhinnéar a ithe orm - after eating my dinner on me - frása mar fhaisnéis an ainm bhriathartha 'bheith'

Neadú/ Embedding
Beidh sé le feiceáil as seo gur féidir frásaí ainm bhriathartha a neadú taobh istigh dá chéile - It will be observed from this that verbal noun phrases can be nested/embedded inside each other.

Restart Next ->