5.2
Urú
AN tURÚ:
Is é is ciall d'urú sa teanga scríofa consan nó consain a chur roimh thúschonsan
focail (ach amháin t roimh s) nó n a chur roimh thúsghuta.
"An focal a urú" nó "an túslitir a urú" a deirtear.
Ní uraítear h, j, l, m, n, q, r, s, v, w, x, y, z ná ní uraítear guta más n is
críoch don fhocal roimhe.
Seo liosta de na consain inuraithe agus na litreacha a uraíonn iad faoi lúibíní rompu:
- (m)b
- (g)c
- (n)d
- (bh)f
- (n)g
- (b)p
- (d)t.
Fuaimnítear focal ina bhfuil consan uraithe faoi mar nach mbeadh an
sean-túschonsan ann, ach amháin go bhfuaimnítear an grúpa ng i dtosach nó i lár
nó i ndeireadh focail mar chonsan ar leith ann féin:
- i ngrá
- ceangal
- rang.