An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

5.3
Urú ar an Ainmfhocal

Uraítear an t-ainmfhocal (cibé acu ainmfhocal uimhriúil nó a mhalairt é) sa
tabharthach uatha ar lorg an ailt i ndiaidh na réamhfhocal ag, ar, as, chuig,
dar, faoi, le, ó, roimh, thar, trí, um, mura d, t an túschonsan agus mura
séimhítear an túschonsan (4.3):
- ag an gcluiche
- ar an mbád
- chuig an mbanaltra
- um an mbia
- leis an bhfiche fear
- cuir an cúig ar an gceathair (cártaí).

Tá comhaitheantas ag séimhiú i gcásanna mar seo freisin:
- ag an chluiche
- ar an bhád
- ar an mhála
- chuig an bhanaltra
- tríd an Bhearnas Mhór. Féach freisin 4.22.

Uraítear t sa fhrása um an dtaca. Ach faoin doras
- ar an talamh
- leis an triúr
- ar an urlár.

I bpáirt den Ghaeltacht uraítear d, t, sna cásanna seo freisin:
- fén ndoras
- ar an dtalamh.

In áiteanna eile uraítear an túschonsan ar lorg den, don, sa, mar an gcéanna:
- den bhfear,
- don mbean,
- sa mbaile.