An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

5.12
An Réamhlitir

t

Cuirtear t roimh thúsghuta ar lorg an ailt uatha:
- in ainmfhocal firinscneach ainmneach:
- tá (feicim) an t-éan sa nead
- gan an t-ór
- chun an tAifreann a ofráil.

Fágtar an t ar lár in:
- an iomad
- an oiread
- an euro (aonad airgid).
- in aon, aonú, ocht, ochtar, ochtó, ochtódú, ochtú san ainmneach:
- an t-aon bhean amháin
- an t-aonú háit déag
- an t-ocht gcéad bliain
- an t-ochtar eitleoirí
- an t-ochtó easpag
- an t-ochtódú seachtain
- an t-ochtú caora
- chun an t-aon bhean déag a lorg
- d'fhonn an t-aonú háit déag a líonadh
- ar tí an t-ocht míle fear a scriosadh
- ag iarraidh an t-ochtó
- teachta a thoghadh
- tar éis an t-ochtódú leathanach a léamh
- ar aigne an t-ochtú leabhar a scríobh
- le cois an t-ochtar sin a bheith ar an bhfoireann.

Fágtar an t ar lár má tá an uimhir ag cáiliú ainmfhocail a bhfuil feidhm
ghinideach aige (mura gníomhaí nó cuspóir é d'ainm briathartha a leanann é):
- ag moladh an aon bhean (imreoir) déag
- ag líonadh an aonú háit déag
- i gceann an ocht gcéad bliain
- bás an ochtar fear
- ní chun an ochtó sagart a bhí mé
- deireadh an ochtódú bliain
- tosach an ochtú lá.
- Ach
- chun an t-ochtar fear a dhaoradh.