An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

5.13

Cuirtear

t

roimh

s

ar lorg an ailt uatha mura c, f, m, p, t, v a leanann s:
- in ainmfhocal baininscneach nach ginideach:
- tá an tslat anseo
- ar an tslí
- gan an tseamair
- mar an tsnaois
- roimh an tsrón
- seachas an tsúil

- in ainmfhocal firinscneach ginideach ach amháin seascad (<seasca), seachtód
(<seachtó):
- teach an tsagairt
- chun an tsiopa
- in aice an tslabhra.

Tagann na huimhreacha ainmfhoclacha seisear, seachtar faoin riail chéanna, fiú
amháin nuair atá feidhm ghinideach gan infhilleadh (9.24-36) acu:
- airgead an tseisir (tseachtair)
- airgead an tseisear (tseachtar) fear.