An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

5.16

AN RÉAMHLITIR h

Cuirtear h roimh fhocal dar tús guta i ndiaidh focail áirithe dar críoch fuaim
ghutach agus nach gcuirfeadh séimhiú ná urú ar chonsan, mar a leanas

- roimh ainmfhocal nó ainm briathartha dar tús guta ar lorg:
- a (aidiacht shealbhach bhaininscneach uatha) [+ dhá]:
- d'fhág Síle a háit
- chonaic sí a [dhá] hiníon
- cá:
- cá háit?
- cá haois tú?

- Dé (=lá)
- Dé hAoine

- le:
- le hairgead
- le hithe
- le hól

- go (réamhfhocal):
- go hÉirinn

- na (foirm den alt, nuair nach n-uraítear):
- ainm na háite
- na héin
- sna hionaid sin

- Ó:
- sin é Seán Ó hÓgáin
- do Thomás Ó hAllacháin

- orduimhreacha dar críoch guta:
- an dara (tríú, fichiú, céadú) hoscailt
- an t-aonú (dóú) háit déag

- trí, ceithre, cúig, sé i gcás uair agus orlach a n-úsáidtear leagan iolra
díobh:
- trí (ceithre, sé) huaire
- cúig horlaí
- ní (copail dhiúltach) i gcás ainmfhocail a fheidhmíonn mar aidiacht:
- ní hairí air síntiús
- ní heol dom é

- agus i gcás corr-ainmfhocal eile:
- ní hamadán mise agat.

- roimh aidiacht ar lorg:
- a (mír uimhriúil):
- a haon
- a hocht

- cá:
- cá hiontaí?

- chomh:
- chomh hard liom
- go (mír dhobhriathartha):
- go hálainn

- na (foirm den alt, nuair nach ndéantar urú):
- na hocht gcinn
- i gcaitheamh na haon seachtaine amháin seo

- le:
- le haon airgead

- roimh fhorainm ar lorg, cé, ní, le:
- cé hé (hí, hiad)
- ní hé (hí, hiad, hea)
- le hí a phósadh

- roimh bhriathar ar lorg na míre briathartha ordaithí ná:
- ná himigh
- ná hóltar
- i gcorrchás eile:
- ní hamhlaidh atá
- ní hionann iad
- ní haon iontas é.

- Ach
- trí (ceithre, sé) úll
- go dtí iad
- óladh é
- inné a itheadh iad
- ar (cár, gur, má, etc.) éisteadh leis
- cé air a bhfuil an milleán?