5.17
An Tabharthach i nDiaidh an Ailt Uatha
Seo na gnáthrialacha a leantar i gcáipéisí oifigiúla stáit, agus a úsáidtear go
coitianta i dtráchtanna an ghraiméir seo.
Uraítear an t-ainmfhocal ar lorg an ailt i ndiaidh na réamhfhocal ag, ar, as,
chuig, dar, faoi, le, ó, roimh, thar, trí, um.
Ní athraítear an aidiacht.
Séimhítear an t-ainmfhocal ar lorg den, don, sa.
Ní athraítear an aidiacht.
Ní athraítear
s
tosaigh in ainmfhocal firinscneach, ach cuirtear t roimh s in ainmfhocal
baininscneach:
- ar an saol seo
- sa samhradh
- ar an tsráid
- den tsúil.
Ní athraítear d, t, i dtús ainmfhocail:
- ar an doras
- sa talamh.