5.18
Ainmneacha na Litreacha
Cuirtear h, n, t agus fleiscín roimh ainm litreach dar tús guta mar a dhéantar i
gcás gnáth-ainmfhocal ach amháin nach ligtear an fleiscín ar lár ar lorg h aon
uair:
- an t-a
- an t-e fada
- an t-f mór
- an t-l dearg
- abair na h-r-anna go bríomhar
- fuaimniú na n-u-anna
- ag dathú na n-s-anna
- ag bailiú na n-x-anna
Ní dhéantar aon athrú tosaigh ar ainm dar tús consan:
- leithead an z
- ag tarraingt an b
- ar an p
- ag crosáil na t-anna.
Is féidir ainmneacha na litreacha a scríobh ina bhfocail (1.1) ach na rialacha
céanna a leanúint.
Áirítear ainmneacha grúpaí litreacha mar ainmfhocal amháin:
- an t-abc
- cuireadh ar leataobh an t-mh a bhí san fhocal cónaí
- ag cleachtadh na n-ng-anna tosaigh.
Féach freisin:
- abair an tAdmhaím do Dhia.