6.2
Caolú:
Sa teanga labhartha is minic a dhéantar consain chaola de chonsain leathana i
ndeireadh focal, agus uaireanta ina lár, le linn na focail a infhilleadh.
Caolú a thugtar ar an athrú sin.
Sa teanga scríofa cuirtear an t-athrú in iúl trí athrú gutaí roimh an gconsan
caolaithe.
Léiríonn an tábla seo a leanas na príomhathruithe a dhéantar sna gutaí de bharr
chaolú na gconsan.
roimh chaolú | -ea- | -ea- | -éa- | -ia- | -ia- | -ío- | -io- | -iu-
arna gcaolú | -i- | -ei- | -éi- | -éi- | -iai- | -í- | -i- | -i-
gan chaolú | fear | each | éan | iasc | rian | íol | fionn | fliuch
caolaithe | fir | eich | éin | éisc | riain | íl | finn | fliche
Sna cásanna eile is iondúil nach ndéantar d'athrú ar na gutaí ach i a chur
isteach roimh an gconsan atá le caolú.
Tá na cásanna is tábhachtaí sa chéad tábla eile.
gan chaolú | at | dán | aer | aol | ceol | óg | bun | uan | úr
caolaithe | ait | dáin | aeir | aoil | ceoil | óig | buin | uain | úir