6.3
Leathnú:
Próisis chontrártha is ea leathnú agus caolú.
Na hathruithe gutaí a ghabhann le caolú is iad a ghabhann le leathnú de ghnáth
ach san ord contrártha.
Léiríonn an chéad tábla eile na príomhathruithe.
roimh leathnú -ei- | -éi- | -i- | -í- | -ui- | -ui-
arna leathnú -ea- | -éa- | -ea- | -ío- | -u- | -o-
gan leathnú greim | tincéir | mil | feadaíl | cuir | fuil
leathnaithe greama | tincéara | meala | feadaíola | cur | fola
Sna cásanna eile is iondúil nach ndéantar d'athrú ar na gutaí ach i a ligean ar
lár roimh an gconsan atá le leathnú
buachaill | cóir | fearúil | grósaeir | siúil | troid
buachalla | córa | fearúla | grósaera | siúlaim | troda
Eisceacht: roinn, ranna.
Uaireanta déantar athrú gutaí san infhilleadh gan caolú ná leathnú a bheith i
gceist:
- crios, creasa
- fios, feasa.