7.7
Ní gnách an t-alt i logainmneacha sna cásanna seo:
- le Sasana, ná le roinnt tíortha eile:
- Paragua, Iamáice
- le formhór na bhfarraigí is na lochanna:
- Muir nIocht
- Muir Meann
- Loch nEathach
- roimh Éire, Albain, Gaillimh ach amháin sa ghinideach:
- bhuaigh Gaillimh
- i nGaillimh
- Contae na Gaillimhe
Fágtar an t-alt ar lár roimh Éireann i dteidil reachtúla áirithe
- Dáil (Seanad, Raidió Teilifís, Iarnród, Tuaisceart) Éireann, agus i
seanleaganacha:
- oileán iathghlas Éireann ... feara Éireann ná a mná.
Ní hionann an bhrí a bhaintear as an teideal polaitiúil Tuaisceart Éireann agus
as an ngnáthabairt tuaisceart na hÉireann.