7.8
Úsáidtear an t-alt roimh ainm teibí agus roinnt ainmfhocal eile más le brí
fhorleathan a úsáidtear iad:
- tá an radharc go holc aige
- togha na sláinte
- saol an duine
- gairm an tsagairt
- an caidreamh idir an tionscal agus an ollscoil.
Ach ní úsáidtear é
- i leaganacha mar
- cad is uaisleacht ann?
- cad é an ní meisce?
- is é [an] deireadh é
- i natháin áirithe:
- ní thagann ciall roimh aois
- tosach sláinte codladh
- nuair nach bhfuil brí fhorleathan leis an ainmfhocal:
- bhí fearg (eagla, etc.) orm.