An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

7.12

Úsáidtear an t-alt roimh theidil daoine, cibé acu onórach nó tarcaisneach iad:
- an Dochtúir Ó Sé
- an tAthair Mac Néill
- Peadar Ó Doirnín, an file
- teacht an Spioraid Naoimh, an Sólásaí
- Dia an Mac
- Diarmaid Mac Murchú, an cladhaire.

Ach fágtar ar lár é má tá ainm pearsanta go díreach roimh an teideal:
- Oisín file
- Tadhg gabha
- Cormac báille.

Is minic ar lár é go díreach ar lorg sloinnte:
- Tomás Breatnach, file

- agus trí aithris air sin:
- Críost Rí
- Parthalán Ó hEachthairn, Taoiseach
- Micheál Ó Máirtín, Aire Oideachais agus Eolaíochta.