7.13
Úsáidtear an t-alt ar lorg aidiachta faisnéisí in ainmní abairte aicme mar:
- is breá an lá é
- b'aoibhinn an aimsir í
- is beag an rud is buaine ná an duine.
Ach más aidiacht éiginnte an fhaisnéis ní bhíonn an t-alt ar a lorg:
- is beag rud a fuair sé.