7.15
Is iondúil nach n-úsáidtear an t-alt le hainm cinnte
- má tá ginideach cinnte faoi réir aige:
- fear an tí
- glór mo mháthar
- barr gach crainn
- obair Sheáin.
- i bhfrásaí dobhriathartha áirithe:
- tá sé anseo ó mhaidin
- bhí sé amuigh ó oíche
- fan go tráthnóna (Samhain, Luan)
- faoi Bhealtaine
- um Nollaig
- lán go béal
- Dé Luain (Máirt, etc.).