An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

7.14
Úsáidtear an t-alt freisin sna cásanna seo a leanas:
- le tobainne, iontas, scanradh a léiriú:
- chuala sí an scairt taobh thiar di
- chonaic sé an duine cúpla slat roimhe.

- roimh an aidiacht

uile

mura bhfuil gach roimhe:
- an uile lá (dhuine)
- ach
- gach uile dhuine.

Is forainm

uile

in sin uile.

- roimh iliomad, iomad, iomarca, oiread, uafás, sluaite, céadta, mílte i
bhfrásaí mar:
- an iomad (iomarca, oiread, t-uafás) daoine
- na sluaite ban
- na céadta (mílte) páiste (duine, fáilte).

- roimh roinnt frásaí a bhfuil cruth na cinnteachta orthu ach a mbeadh a mbrí
éiginnte (9.22) gan an t-alt:
- an Choróin Mhuire
- an Leabhar Eoin
- an Pota Pádraig
- an Dord Fiann
- an Tadhg an dá thaobh is mó in Éirinn
- is mór an trua Muire é
- nach é an grá Dia é?
- nuair a bhí an uair an chloig istigh.

- in ionad na haidiachta sealbhaí:
- scoiltfidh mé an cloigeann aige
- briseann sé an croí ionam.

- le hainmneacha teangacha nuair atá a mbrí forleathan:
- is í an Ghaeilge teanga ár sinsear
- tháinig an Béarla isteach
- bhí an Ghearmáinis go maith aige.

Ligtear an t-alt ar lár mura bhfuil an bhrí forleathan:
- abair i mBéarla é
- cuireadh Fraincis ar an mBíobla
- tá Gréigis aige
- leabhar Spáinnise.

- roimh ainmneacha na laethanta, na míonna, na séasúr, agus féilte áirithe:
- an Luan
- deireadh na Bealtaine
- is fearr liom an samhradh
- timpeall na Cásca. Ach féach 7.15.

- le tinnis áirithe:
- an bhruitíneach
- an triuch
- an déideadh
- an bholgach
- na creatha

- le breis nirt a thabhairt don ainmfhocal:
- is tú a fuair an crá croí
- is aige a bhí an chiall.

- le cúpla ainm pearsanta:
- Calbhach, Dualtach, Feardorcha, Laoiseach:
- tá an Dualtach pósta ar dheirfiúr an Fhirdhorcha
- (sloinne) Mac an Chalbhaigh
- bean an Laoisigh.