An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

8.16

Foirceann agus Inscne
Is minic a chuireann foirceann agus inscne an ainmfhocail in iúl cad é an
díochlaonadh lena mbaineann an t-ainmfhocal.

Os a choinne sin más eol an foirceann agus uimhir an díochlaonta is minic, dá
bharr sin, gurb eol an inscne.

Tá na príomhchásanna breactha anseo thíos.

An Chéad Díochlaonadh

Tá ainmfhocail uile an díochlaonta seo firinscneach, agus consan leathan (de
réir an litrithe) is foirceann dóibh.

Orthu sin tá ainmfhocail dar críoch -adh (mura foirm ainm bhriathartha atá
orthu), -án, -ch (firinscneach), -éad, -éal, -éan, -éar, -s, -ún, -úr:
- samhradh
- dán
- each
- céad
- néal
- éan
- féar
- tíos
- dún
- túr

An Dara Díochlaonadh Ainmfhocail bhaininscneacha iad uile ach fíor-chorrcheann.

Consan is foirceann dóibh. Orthu sin tá ainmfhocail dar críoch -ch
(baininscneach), -ilt, -is, -lann, -óg:
- sceach
- oscailt
- Gréigis
- íoclann
- bróg

Ní dhíochlaontar ainmneacha dílse fearnaomh a chríochnaíonn ar -óg:
- bachall Dochiaróg.

An Tríú Díochlaonadh Consan is críoch dóibh.

Orthu sin tá:
- ainmfhocail den dá inscne dar críoch -cht
- mallacht (b),
- bantracht (b),
- léacht (b),
- locht (f)

- ilsiollaí baininscneacha dar críoch -áil, -aint, -áint, -chan, -íl, -irt, -úil, -úint:
- ofráil
- cosaint
- tiomáint
- buachan
- feadaíl
- íobairt
- barúil
- canúint

- ilsiollaí firinscneacha dar críoch -aeir, -éir, -eoir, -óir, -úir:
- grósaeir
- tincéir
- feirmeoir
- bádóir
- táilliúir.

An Ceathrú Díochlaonadh Formhór na n-ainmfhocal dar críoch guta agus roinnt eile
dar críoch consan.

Orthu sin tá:
- ainmneacha coitianta daoine (firinscneach a bhformhór) dar críoch -a, -í, -ire:
- garda,
- rí,
- cigire
- ainmfhocal dar críoch -ín (firinscneach de ghnáth, ach féach 8.31)
- ainmneacha teibí (baininscneach go hiondúil):
- amaidí
- gile
- uireasa

- mórán ainmfhocal den dá inscne dar críoch -e:
- paiste (f)
- gloine (b)

- ainmfhocail fhirinscneacha éagsúla dar críoch consan:
- bus,
- máistir.

An Cúigiú Díochlaonadh Is baininscneach dá mbunús. Consan caol nó guta is críoch dóibh:
- lasair (b)
- cara (f).