8.17
Díochlaonadh an Ainm Dhílis Phearsanta
Is gnách an t-ainm dílis pearsanta a dhíochlaonadh mar seo a leanas:
- ainmneacha fear (iad go léir firinscneach)
- sa chéad díochlaonadh atá bunáite na n-ainmneacha dar críoch
consan leathan:
- Seán
- Séamas
- tá corrainm sa tríú díochlaonadh:
- Críostóir
- Diarmaid
- Iarlaith
- Mathúin
- sa cheathrú díochlaonadh atá formhór mór na n-ainmneacha dar
críoch consan caol nó guta:
- Eoin
- Pádraig
- Ruairí
- agus corrcheann eile:
- Liam
- Uileag.
- ainmneacha ban (iad go léir baininscneach)
- sa dara díochlaonadh atá
- Aifric
- Bríd
- Mór
- Méabh
- Muireann
- sa cheathrú díochlaonadh anois atá formhór mór na n-ainmneacha eile:
- Bláthnaid
- Cáit
- Eilís
- Maighréad
- Nóra
- Sinéad
- Siobhán.