8.18
Díochlaonadh na Sloinnte Ainmfhoclacha
An chuid den seansloinne Gaelach a leanann Ó, Mac, is iondúil gur ginideach nó
dhá ghinideach í, agus í infhillte de réir ceann de na cúig dhíochlaonadh.
1 Ó Néill
- Mac Cárthaigh
- Mac an Bhaird.55
2 Ó Duinnshléibhe
- Ó Maolchraoibhe.
3 Ó hAonghasa
- Mac Diarmada.
4 Ó Gallchóir
- Mac Eoin
- Mac an tSaoi.
5 Ó Colgan
- Mac Gabhann (seanghinideach ar gabha is ea gabhann).
4 agus 2. Mac Giolla Bhríde.
Sa cheathrú díochlaonadh atá formhór na sloinnte eile nach sloinnte
aidiachtacha:
- Céitinn
- de Búrca
- Feirtéir.