An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

8.31

Is iondúil gur baininscneach san ainmneach agus sa tabharthach uatha d'fhocal
díorthaithe dar críoch -ín más ainmfhocal coitianta baininscneach an focal
bunaidh:
- faigh an láirín bhán
- ar an óinsín chéanna.

- Ach má tá brí ar leith leis an bhfocal díorthaithe, seachas
díspeagadh ar an mbunfhocal, tá sé firinscneach:
- an paidrín páirteach
- sceidín práta
- cluaisín bróige.

Is firinscneach do na focail sin sna tuisil eile:
- cosa an láirín bháin
- suigh, a óinsín bhig.

Is firinscneach i ngach tuiseal do na focail
- cailín,
- coinín,
- gasóigín,
- paidrín,
- toitín,
- scolóigín.

Is baininscneach i ngach tuiseal d'ainmneacha dílse baineannach dar críoch -ín:
- Brídín,
- Máirín