8.32
Sa chuid eile den chaibidil seo ní thugtar de ghnáth ach an t-ainmneach uatha,
an ginideach uatha (lasmuigh den cheathrú díochlaonadh), an t-ainmneach iolra,
agus (i gcás iolraí laga) an ginideach iolra:
-agus is san ord sin a thugtar iad.
Is furasta na tuisil eile a aimsiú as na treoracha atá sa chéad chuid den
chaibidil.
Tá táblaí in 11.17 ina léirítear díochlaonadh an ailt agus an ainmfhocail agus
na haidiachta le chéile.
Is iomaí ainmfhocal nach dual dó iolra a bheith aige (mórán ainmneacha ábhair
agus ainmneacha teibí, mar shampla).
Ní gnách é sin a chur in iúl sna liostaí. I gcás focail mar sin úsáidtear focal
mar sórt nó cineál + ginideach uatha an ainmfhocail mar iolra:
- trí chineál siúcra (coirce, umhlaíochta).