An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

8.35

An Tabharthach

Tá cúig ainmfhocal (bos, bróg, cluas, cos, lámh) agus úsáidtear
tabharthach uatha ar leith (bois, bróig, cluais, cois, láimh) leo i gcónaí.

Foirm an tabharthaigh sin a úsáidtear ar lorg dhá freisin, i ngach tuiseal
seachas an ginideach iolra de na cúig ainmfhocal sin.

Úsáidtear tabharthach ar leith fosta i gcorrfhrása seanbhunaithe:
- bolg le gréin (tabh. ar grian)
- cur i gcéill (tabh. ar ciall)
- ar (faoi, go, i) leith (tabh. ar leath)
- thar toinn (tabh. ar tonn)
- de (faoi do, faoi mo, etc.)
- réir (tabh. ar riar)
- i gcrích (tabh. ar críoch)
- i bhfeirg (tabh. ar fearg)
- le cois (tabh. ar cos)
- ar láimh (tabh. ar lámh).

Is féidir tabharthach uatha leithleach d'aon ainmfhocal dar críoch consan
leathan a úsáid sa díochlaonadh seo.

Déantar an t-ainmneach uatha a chaolú díreach mar a dhéantar chun an ginideach
uatha a chumadh sa chéad díochlaonadh:
- fuinneoig,
- girsigh,
- péin,
- slait,
- in ionad
- fuinneog,
- girseach,
- pian,
- slat, etc.