An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

8.34

Ainmneacha baininscneacha atá sa díochlaonadh seo taobh amuigh de chorrcheann
firinscneach,
- im,
- sliabh,
- teach.

Seo mar a chumtar an ginideach uatha ón ainmneach uatha de ghnáth:
- cuirtear e le focail dar críoch consan caol:
- áit, áite

- déantar -í den fhoirceann -each in ilsiollaí:
- girseach, girsí

- déantar -aí den fhoirceann -ach ar lorg consain in ilsiollaí:
- scornach, scornaí

- i gcás focail eile dar críoch consan leathan caolaítear an foirceann de réir
rialacha 6.2 agus cuirtear e leis. Le linn an chaolaithe:
- déantar -i- de -ea- in ilsiollaí:
- bruinneall, bruinnille
- déantar -ei- de -ea- in aonsiollaí:
- sceach, sceiche
- déantar -éi- de -ia- :
- pian, péine.