1.19
Taobh amuigh de
h
tá dhá cháilíocht ag gach gnáthchonsan sa Ghaeilge. Féadann
siad a bheith leathan nó caol.
Taispeántar cáilíocht an chonsain sa scríbhinn de ghnáth trí na litreacha
gutacha atá cóngarach dó.
Is iad na gutaí leathana, agus e sa délitir ae, a léiríonn go bhfuil consan in
aice leo leathan.
In aon chás eile is gnách an consan a bheith caol.
Mar sin de, má tá guta leathan taobh le consan caol nó taobh le grúpa de
chonsain chaola i bhfuaimniú focail, is gnách sleamhnóg, e nó i, a chur isteach
sa litriú idir an guta leathan agus an consan caol le caoile na gconsan a
léiriú.
Mar an gcéanna má tá guta caol taobh le consan leathan nó taobh le grúpa de
chonsain leathana i bhfuaimniú focail is gnách sleamhnóg, a nó o nó u, a chur
isteach sa litriú idir an guta caol agus an consan leathan le leithne na gconsan
a léiriú:
- ceacht, ainm, cois, cúis, consain, caí, téann, croí, cuí.