An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Ceacht

1.20

Tá corrfhocal eisceachtúil ann. Mar shampla, tá r leathan roimh é in aréir, n leathan in
ina (= in a) athair, lena (= le + a) athair.

Agus tá consan caol nó consain chaola ar lorg

a

tosaigh sna focail ag (roimh ainmfhocal), aneas, aniar, ar (réamhfhocal), arís,
anseo, ansin, ansiúd agus in an (an t-alt) roimh litir chaol.

Lena chois sin is consan leathan an chéad chonsan agus consan caol an consan
deireanach ar lorg i sna grúpaí cht, rd, rl, rn, rs, rt:

- beaichte, cairde, comhairle, airne, tuirse, imirt.

Agus i dtosach focail, agus corruair eile, is consan leathan s agus consain
chaola na consain eile sna grúpaí sf, sm, sp, spl, spr roimh e, i, é, í:

- sféar, smig, smeach, sméid, speal, spéir, spiorad, spíonta, spleách, spré,
spriúchaim.

Amanna taispeánann an litriú féin gur difriúil consain an ghrúpa maidir le
leithne agus caoile:

- ospidéal, smachtín.15