9.6
An Tuiseal Ainmneach
Is iad seo a leanas na príomhchásanna ina n-úsáidtear ainmneach an ainmfhocail
ainmní na habairte:
- tháinig Seán
- is éan smólach
- faisnéis abairte copailí:
- is naomh é
- cuspóir briathair fhaisnéisigh:
- ól an deoch
- dúirt sé Liam an doras a oscailt
Féach go bhfuil dhá chuspóir ag an mbriathar dúirt.
- faoi réir ag na réamhfhocail ach, amhail, gan, go dtí, idir, mar, murach, ná,
seachas:
- gach duine ach an t-athair
- amhail cos duine
- gan lámh
- go dtí an bád
- idir chos agus lámh
- idir an geata agus an doras
- bróg mar an bhróg atá agatsa
- murach an t-airgead
- níos fearr ná an t-uncail
- seachas an t-óglach
- an t-ainmneach comhaisnéise:
- sin Cormac báille
- le Bríd ban-naomh
- an t-ainmneach cainníochta:
- tá sé tonna meáchain
- níl sé an méid sin
- bhí sí bliain d'aois
- tá sibh scata mór ann
- an t-ainmneach áite:
- ag gabháil an bóthar
- tar an cóngar
- an t-ainmneach ama:
- d'imigh sí seachtain ó shin
- d'fhan sí bliain
- cailleadh é an samhradh seo caite
- an t-ainmneach minicíochta:
- thit sí uair (trí huaire)
- an t-ainmneach cainníochta: (aidiachtach nó dobhriathartha):
- bhí eagla mo sháith (dhóthain, go leor) orm
- tá sé rud beag fuar
- rith sé an méid a bhí ina chorp
- ar lorg cá mhéad (i gcás ainmneacha coitianta), fiú (= luach):
- cá mhéad teach a bhí ann?
- Ní fiú punt é
Ginideach a leanann cá mhéad i gcás ainmneacha ábhair agus ainmneacha teibí:
- cá mhéad plúir (eolais)?
- i bhfrásaí áirithe a bhaineann le díol agus le roinnt:
- ar scilling an punt
- fuair siad dosaen an duine
- ar lorg na haidiachta sealbhaí réamhthagraí
- bhí ionadh orm a fheabhas a rinneadh an gnó
- an t-ainmneach saor i gcás ainmfhocal a bhfuil forainmneach ag feidhmiú thar a
cheann san abairt
- go réamhthagrach:
- dá fhad an lá tagann an oíche
- is fearrde thú an sos
- tá a fhios agam an scéal
- go hiarthagrach:
- an fear a rinne é tá sé tinn
- an mhuintir a ghoid iad dhéanfaidís aon ní
- an bhean a labhair leat tá a mac marbh
- an t-ainmneach tagartha:
- an fear is mó ciall (= maidir le ciall)
- níl sé chomh mór sin eolas
- chomh brúite aigne leis
- an té is lag creideamh
- pósadh sé a rogha bean
- trí réamhfhocal a bheith caillte roimh an ainmfhocal:
- tá mé ábalta an fód a sheasamh
- ní raibh faill agam breith air
- stad sé féachaint an éireoinn
- ar lorg focal áirithe a léiríonn meon:
- bhí fonn (áthas, etc.) orm teacht
- i bhfrásaí áirithe a úsáidtear thar ceann clásail:
- bhí sé beo agus Seán ag fágáil an tí.
- i gcásanna áirithe in áit an ghinidigh (9.24-36 ) agus in áit an ghairmigh
(8.20, 9.17).