An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

9.7
An Tuiseal Ginideach

Nuair atá ainmfhocal amháin ag cáiliú ainmfhocal eile atá roimhe gan cabhair ó
réamhfhocal, cuirtear an cáilitheoir sa ghinideach go hiondúil.

Deirtear go bhfuil an dara focal faoi réir ag an gcéad cheann, nó go rialaíonn
an chéad cheann an dara ceann.

Seo cuid de na príomhchásanna

- bunús:
- mac Sheáin
- clann na mná
- ubh lachan

- úinéireacht:
- teach m'athar
- gluaisteán an dochtúra

- ábhar:
- bróga leathair
- bosca adhmaid

Is gnách de + an tabharthach in ionad an ghinidigh má ghabhann aidiacht leis an
ainmfhocal ábhair:
- fáinne d'ór loiscthe.

- ionad: cos tosaigh
- seol deiridh
- gaoth mhara

- gairm:
- fear an phoist
- bean chaointe

- sórt:
- oíche sheaca
- maidin gheimhridh

- úsáid:
- teach cónaithe
- gadhar fiaigh

- comhaireamh:
- trí cinn fhichead

- luach:
- ticéad dollair
- suíochán puint

- tomhas:
- leanbh míosa

- comhaisnéis:
- an tAthair Uachtaráin
- bean chéile

- an ginideach rannaíoch:
- mo chuid feola
- roinnt ime

- teideal:
- Coláiste Chaoimhín
- Sráid Uí Chonaill

- gabhdán nó a lucht:
- mála plúir
- bosca lasán

Tá athbhrí ag baint leis an nginideach seo.
Mura n-insíonn an comhthéacs é, ciallaíonn mála plúir
- (i) an gabhdán, mála faoi choinne plúir,
- nó (ii) an lucht, lán mála de phlúr.
- Is annamh a déarfaí plúrmhála, focal a bhfuil brí (i) leis.
- Ach is minic a deirtear mála de phlúr geal, frása a bhfuil brí (ii) leis.

- cuspóir ainm bhriathartha nuair a thagann an cuspóir i ndiaidh an ainm bhriathartha:
- ag ól dí
- a mharú an éin

- ar lorg chun, trasna, timpeall, fearacht, dála, focail a bhfuil brí
réamhfhocail leo:
- chun Dé
- trasna na tíre
- timpeall an domhain
- fearacht do mhuintire
- dála an scéil

- ar lorg na réamhfhocal comhshuite:
- i gcoinne Sheáin
- os comhair an tí

- leis na réimíreanna dea-, in- (= ábalta, ullamh, oiriúnach) chun aidiachtaí a
chumadh:
- bhí sé mear dea-eolais
- chomh dea-éadaigh leatsa
- níl tú inleithscéil.