An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

9.10
An Tuiseal Tabharthach

Is é tabharthach an ainmfhocail (nó an ainm bhriathartha) a úsáidtear nuair atá
sé faoi réir ag ceann de na réamhfhocail a, ag, ar, as, chuig, dar, de, do,
faoi, go, i, ionsar, le, maidir le, ó, os, roimh, thar, trí, um:
- ag mo chois,
- ar do láimh,
- le bróig,
- ar an aonach,
- roimh an gcapall (chapall).

Ní úsáidtear a ach roimh an ainm briathartha agus i gcorrchás eile:
- leabhar a fhoilsiú
- cad a chlog é?

Má ghabhann an réamhfhocal foirm ar leith nó má cheanglaítear é d'fhocal eile,
ní chuireann sin isteach ar an tuiseal:
- in Éirinn,
- sa chois,
- faoina ascaill, etc.