An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

9.11

Úsáidtear cionn (seantabharthach an fhocail ceann) sna frásaí seo a leanas:

- cionn is (= toisc)
- dár gcionn
- de chionn
- os cionn
- os mo (do, a) chionn, etc.
- thar cionn (= ar fheabhas)
- agus i gcorr-logainm:
- Cionn Caslach.

- Úsáidtear tigh (seanfhoirm thabharthach an fhocail teach) mar a bheadh
dobhriathair áite:

- tá sé thíos tigh Phádraig
- tigh seo againne
- cheannaigh mé é tigh Arnott.

- Úsáidtear cois, láimh sa tslí sin fosta:
- tá sé cois na habhann
- láimh le Corcaigh.