9.19
An tAinmfhocal Cinnte
Tá ainmfhocal ina ainmfhocal cinnte nuair is do dhuine (rud) áirithe a thagraíonn sé.
Is iondúil gur ainmfhocail chinnte iad seo a leanas ainmfhocal atá á cháiliú ag
an alt:
- an fear
- don chapall
- an chéad rí
- ainm dílis a thagraíonn do dhuine áirithe nó do rud áirithe nó d'áit áirithe:
- d'éist Tomás
- sin Gaillimh
- an Iodh Morainn
- in ifreann
- ar neamh
- ainmfhocal atá á cháiliú ag aidiacht shealbhach:
- mo mhac
- ainmfhocal atá á cháiliú ag gach:
- gach lá
- ainmfhocal sa ghairmeach:
- a bhean
- ainmfhocal atá á cháiliú ag maoluimhir atá ag feidhmiú mar orduimhir:
- cuid a trí
- ainmfhocal atá á cháiliú ag ainmfhocal ginideach cinnte:
- hata an fhir
- muintir an Longfoirt
- bean mo mhic
- scéal gach duine
- brí riail a trí
- deamhain ifrinn.
Is gnách gurb éiginnte an t-ainmfhocal in aon chás eile.